Níor aimsíodh aon torthaí

Do chuardach - Abegg, Richard - níor mheaitseáil seo acmhainn ar bith.

Richard Abegg

Ceimiceoir Gearmánach agus ceannródaí theoiric an fhiúsnaisc ab ea Richard Wilhelm Heinrich Abegg (9 Eanáir 1869 - 3 Aibreán 1910) Mhol sé gur gnách gurb é ocht an difríocht idir an fiús uasta dearfach agus diúltach d'eilimint. Tugtar riail Abegg air seo. Ba fear mór na mbalún gás é, agus ba é ba chúis lena bhás ag aois 41 nuair a thuairteáil a bhalún go talamh san tSiléis..

Fuair Abegg a PhD ar 19 Iúil 1891 mar mhac léinn d'August Wilhelm von Hofmann in Ollscoil Bheirlín. D'fhoghlaim Abegg ceimic orgánach ó Hofmann, ach bliain amháin tar éis dó a chéim PhD a chríochnú thosaigh sé ag déanamh taighde ar cheimic fhisiceach agus é ag staidéar le Friedrich Wilhelm Ostwald i Leipsic, an Ghearmáin. Ina dhiaidh sin bhí Abegg ag obair mar chúntóir príobháideach do Walther Nernst in Ollscoil Göttingen agus do Svante Arrhenius in Ollscoil Stócólm. Arna chur ar fáil ag Vicipéid